Suirbhé 2 Nóiméad – Tá muid ag ullmhú mórphlean straitéiseach a threoróidh obair

Suirbhé 2 Nóiméad – Tá muid ag ullmhú mórphlean straitéiseach a threoróidh obair

A lucht gnó, eagraíochtaí pobail agus páirtithe leasmhara, a chairde,

Tá Cumann Tráchtála Chonamara ag ullmhú mórphlean straitéiseach a threoróidh obair agus gníomhaíochtaí an chumainn sna blianta atá romhainn.
Ba mhaith linn tuairimí a fháil ó bhaill agus ó dhaoine nach baill iad araon, idir ghnólachtaí, eagraíochtaí agus ghrúpaí pobail ar fud Chonamara, faoin Domhnach, an 31ú Bealtaine 2026.

Ní ghlacfaidh sé ach 2 nóiméad oraibh bhur gcuid tuairimí a roinnt linn agus cuidiú linn todhchaí Chonamara a mhúnlú.

Nasc chuig an Suirbhé 2 Nóiméad:

 

Tá fáilte romhaibh é seo a roinnt le bhur gcuid teagmhálaithe féin a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh ann.
Coinneofar gach freagra faoi rún.

Go raibh maith agaibh as bhur gcuid ama agus tacaíochta.
Cumann Tráchtála Chonamara

Suirbhe Cumann Trachtala Chonamara - 2026